De réir suirbhé atá déanta ag eagraíocht múinteoirí Gaeilge, tá 97.4% de mhúinteoirí den tuairim gur cheart go mbeadh obair na ndaltaí sa teanga labhartha mar chéatadán den mharc deiridh i scrúdú Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.

Deir An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh béaltriail ann don tSraith Shóisearach agus go mbeadh aitheantas ann don obair labhartha sa ghrád a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Maíonn siad go léiríonn na staitisticí ón suirbhé a rinneadh i measc 425 múinteoir Gaeilge roinnt mhaith ábhar suntais.

De réir an tsuirbhé, tá os cionn 80% de na múinteoirí den bharúil go bhfuil caighdeán na litríochta ró-ard agus go bhfuil an iomarca di le déanamh.

Creideann 96.9% de mhúinteoirí go bhfuil róbhroid oibre orthu mar gheall ar athruithe atá curtha i bhfeidhm sa tSraith Shóisearach, agus tá 91.7% den tuairim go bhfuil tacaíocht níos fearr de dhíth maidir le páipéir shamplacha agus maidir leis na hathruithe sna sonraíochtaí.

Ag leibhéal na hArdteistiméireachta, tá 80% de mhúinteoirí den tuairim gur cheart athruithe a dhéanamh ar an gcúrsa. 

Creideann 83.5% díobh gur cheart go mbeadh téacsanna éagsúla litríochta ann do dhaltaí ardleibhéil agus do dhaltaí gnáthleibhéil.

Ceapann 80% de mhúinteoirí freisin nach bhfuil go leor béime ar shealbhú teanga, ar thuiscint agus ar fhorbairt scileanna teanga sa chóras faoi láthair.  

Deir An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge go bhfuil níos mó ná 800 ball san eagraíocht.

Deir siad gurb iad an t-eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge iad agus go gcuireann siad forbairt ionghairme agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge ar fud na tíre.