RMA launch Irish language refresher course
 

Sa Seachtain na Gaeilge seo, beidh Fórsa RMA ag obair le Conradh na Gaeilge chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil don chéad uair dá bhaill.  

 

Tosóidh siad le ranganna ar an leibhéal ‘Bonnrang’ atá dírithe ar dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus atá ag iarraidh cúrsa athnuachana bunúsach a dhéanamh chun an Ghaeilge a athfhoghlaim agus a athneartú. 

 

Mairfidh an cúrsa seo sé seachtaine, le rang uair a chloig gach seachtain (14ú Aibreán – 19ú Bealtaine). 

 

Leanann Conradh na Gaeilge curaclam TEG ina ranganna. Is ea TEG an chéad chóras teastasaithe do fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge, agus díríonn na ranganna ar leibhéil éagsúla TEG. 

 

Is féidir le baill ar spéis leo ranganna Gaeilge, ach nach bhfuill cinnte faoina leibhéal Gaeilge, triail a bhaint as an quiz ar líne seo ó TEG chun léargas ginearálta a fháil faoina gcuid scileanna Gaeilge. 

 

Is féidir leis na baill ar scor a bhfuil an féinmheasúnú TEG críochnaithe acu agus a mhothaíonn go bhfuil an leibhéal athnuachana ceart dóibh, a gcuid sonraí a chur isteach ag baint úsáide as an bhfoirm seo: RMA Irish Language Refresher Course (Online) - April, May 2026 - Expression of Interest – Fill out form 

 

Le haghaidh aon cheist faoi na ranganna, déan teagmháil le do thóil le retiredmembers@forsa.ie.  

 


 

This Seachtain na Gaeilge, the Fórsa Retired Members’ Association will be working with Conradh na Gaeilge to offer Irish language classes to RMA members for the first time.  

 

These will begin with 'refresher' classes aimed at those who have some Irish, mainly learned in school, who are looking for a basic course to relearn and reinforce their skills. The first course will consist of 6 weeks of one-hour classes (running from Tuesday 14 April to Tuesday 19 May). 

 

Conradh na Gaeilge follow the TEG curriculum in their classes. TEG is the first and only system of certification for adult learners of Irish, and their classes are structured to focus on specific TEG levels. 

 

Members who are interested in Irish language classes, but aren't sure of their level of Irish, can try the online TEG self-assessment quiz to get an idea of their current Irish-language skills. 

 

Retired members who have completed the TEG self-assessment, and feel the refresher level is right for them, can submit their details using this form: RMA Irish Language Refresher Course (Online) - April, May 2026 - Expression of Interest – Fill out form 

 

For any questions about the classes, please contact retiredmembers@forsa.ie.  

 

Join a union that wins. Join Fórsa.

LikeLike (0) | Share